| This article was written
by Tarlach Mac Congáil of the Institute for Information Law
(IViR), the University of Amsterdam, for the November 2001
edition of Comhar, one of the leading Irish-language monthly
magazines. It examines the intertwined destinies of two
historical events which took place in September 2001: the
convening in Durban of the World Conference against Racism,
Racial Discrimination, Xenophobia and Related Intolerance and
the bombing of the World Trade Center in New York a few days
after the conclusion of the World Conference. The heightening
of racist tensions in the aftermath of the bombing is likely
to render the implementation of the Declaration and Programme
of Action agreed upon at the World Conference even more
difficult than would otherwise have been the case, the author
argues.
Tuilte nua ag cartadh na
staire leo
Cuireadh dhá chor
chinniúnacha i stair an domhain i mí Mheán Fómhair seo caite.
Ar an gcéad dul síos, tionóladh an Chomhdháil Dhomhanda i
gcoinne an Chiníochais faoi choimirce na Náisiún Aontaithe i
nDurban na hAfraice Theas. Chuir an Chomhdháil dlús leis an
bhfeachtas domhanda in aghaidh na héagothromaíochta ciníochaí.
As a aithle sin, baineadh tuisle de lucht an fheachtais nuair
a rinneadh snaois de Thúir an WTC i Nua-Eabhrac. Nuair a
tharla an tubaiste úd, rinneadh urú ar an néal dóchais a bhí
mar luach cruashaothair ag lucht na Comhdhála.
B'fhollas do chách, tráth a
dtuismidh i nDurban, nach mbeadh sa Ráiteas Domhanda agus sa
Chlár Oibre a d'eascair ón gComhdháil ach tús aistir
fhadscríobaigh. B'fhollas – ó aighneasacht na ndíospóireachtaí
le linn na Comhdhála – go ndéanfaí focal agus prionsabail
lucht sínithe an Ráitis (.i. ionadaithe stáit ó gach cearn den
domhan) a thástáil a luaithe is a thabharfaidís faoina gcuid
dualgas nuadhréachtaithe a chomhlíonadh. Bhí constaicí móra ar
an ród rompu, leoga, ach nuair a d'adhain buamáil an WTC
seanfhaltanais chiníocha idir fathaigh an Iarthair agus
antoiscigh an Oirthir, ba thearc duine a chreid nárbh fhál go
haer an fhearg a ghlac seilbh ar Mheiriceá agus beagnach gach
tír eile ar domhan. I dtús báire, díríodh an fhearg chéanna ar
na sceimhlitheoirí a bhí faoi deara an ollscriosta, ach níorbh
fhada gur leathnaigh a raon go cine iomlán.
Cúlra na Comhdhála
Ó bunaíodh na Náisiúin
Aontaithe i 1945, tá sé mar rún dochloíte ag an eagraíocht cúl
droma a thabhairt don aimsir chaite agus dul thar Rubicon na
héadulaingthe agus an fhuatha. Tá a fhianaise sin sa chéad
abairt de Réamhrá an Dearbhuithe Uile-choiteann um Chearta an
Duine (1948): “De bhrí gurb é aithint dínte dúchais agus
chearta comhionanna do-shannta an uile dhuine den chine daonna
is foras don tsaoirse, don cheartas agus don tsíocháin sa
domhan…”
Chuir toscairí stáit ó gach
cearn den domhan síol an fhrithchiníochais i luaithreach an
Dara Léirscrios Domhanda. Ar thoradh moille, tháinig an síol
sin i gcrann agus bhí baint an fhómhair ann ar go leor bealaí
nuair a reáchtáladh an Chomhdháil Dhomhanda ar na mallaibh.
Thug an Chomhdháil áiméar dá raibh i láthair ar shúil
chriticiúil a chaitheamh ar an am atá thart agus ar shúil
réadúil a chaitheamh ar a bhfuil le teacht.
Cruacheisteanna cíortha
Coincheap íogair, iltoiseach
atá sa chiníochas agus is rídheacair teacht ar shainmhíniú
cuimsitheach, críochnúil ar an téarma a d'fhéadfadh
dlisteanacht uilíoch a bhaint amach. Sin ceacht arbh éigean do
lucht na Comhdhála a fhoghlaim gan aon agó. Níor staon siad ó
dhul i ngleic le go leor ceisteanna conspóideacha. Stair
shlabhrach an chine dhaonna is túisce a thagann chun cuimhne i
dtaca le conspóidí na Comhdhála de. Is iomaí tír a d'éiligh
leithscéal agus cúiteamh airgeadais ó na hiarchumhachtaí
coilíneacha in éiric éagóirí iomadúla na haimsire caite, go
sonrach an sclábhaíocht. Murar éirigh leo cúiteamh a bhaint
amach, níl dul séantach go bhfuil tábhacht nach beag ag baint
leis an admháil sa Ráiteas gur coir in aghaidh an chine
dhaonna an sclábhaíocht.
Bhí tíortha áirithe eile i
bhfách le 'Zionism' a chur taobh istigh de limistéar
sainmhínithe an chiníochais. Níor éirigh leo. Os a choinne
sin, áfach, bhí polasaithe agus cleachtais Rialtas Iosraeil
san am i láthair ina gcnámh mór spairne ag an gComhdháil.
Rinneadh sceanach ar Iosrael ar an ábhar sin agus d'éirigh
toscairí na tíre siúd as a gcuid rannpháirtíochta san
iomarbhá. Bhí toscairí Mheiriceá sna sála orthu, mar
chomhartha cairdis/dlúthpháirtíochta. Bhí an baol ann ansin go
n-imeodh long na taidhleoireachta ar a hábhar féin, ach níorbh
ann di.
Cé gur thug na meáin
chumarsáide i gcoitinne tús áite do bhrúchtadh na gconspóidí
thuasluaite, chuaigh na díospóireachtaí agus na himeachtaí
gaolmhara eile go mór chun sochair don 17,000 duine a bhí i
láthair ag an gComhdháil (de réir lucht a heagraithe). Ba
shuntasach na toscairí ó eagraíochtaí deonacha agus araile ina
measc siúd. Tarraingíodh aird na Comhdhála ar an nasc atá
idir, cuir i gcás, gnéas agus cine an duine; an bhochtaineacht
agus an ciníochas; easláinte/galair éagsúla (go mór mór an
SEIF) agus an ciníochas. Seo goirt nár treabhadh go sásúil ina
leithéid de chomthéacs idirnáisiúnta cheana. Tugadh fóram agus
lucht éisteachta do dhaoine ó gach cearn den domhan a
d'fhulaing gnéithe gránna éagsúla den chiníochas ina dtíortha
dúchais féin. Pléadh straitéisí – idir shean agus nua – chun
dul i ngleic leis an gciníochas. Próiseas tairbheach,
comhairleach a bhí ann.
Éifeacht na Comhdhála
Faightear locht ar
eagraíochtaí chur chun cinn chearta an duine, scaití, toisc go
n-amharctar orthu mar a bheidís i mbaol a mbáite i gcuilithe
an idéalachais. Seo líomhain nach bhfóireann don tromlach
acusan a d'fhreastail ar an gComhdháil ná do na hionadaithe
stáit a bhí páirteach sna diandíospóireachtaí a ghin an
Ráiteas Domhanda agus an Clár Oibre. Fanadh i mbun na
measarthachta agus na féidearthachta, a bhuíochas sin don
raidhse tuairimí a nochtadh agus d'ilghnéitheacht chúlraí na
gcainteoirí.
Bhí Comhdháil Durban mar
thoradh ar réamhchomhdhálacha réigiúnacha agus
réamhchruinnithe saineolaithe, a tionóladh le linn na bliana
seo caite d'fhonn fócas níos glinne a thabhairt don
phríomhchomhdháil. Cé nach uile-íoc é an Ráiteas, níl an
ceirín rófhada ón gcneá ach an oiread. Níl fórsa dlíthiúil ag
an Ráiteas, ach mar sin féin, níor chóir beag is fiú a
dhéanamh den tábhacht pholaitiúil agus mhorálta a ghleanann
de. Lena chois sin, is iomaí treoir a thugann an Ráiteas (mar
aon leis an gClár Oibre) do rialtais náisiúnta agus iad ag
stócáil le dul in adharca leis an gciníochas ina dtíortha
féin.
Aon uisce amháin a bhaist
mórchoinbhinsiúin uile na Náisiún Aontaithe, mar atá, an
cuspóir diongbháilte an urraim chuí a thabhairt do dhínit an
duine i ngach réimse de shaol an duine ar fud an domhain.
Ócáid chóineartaithe a bhí sa Chomhdháil Dhomhanda, mar sin;
deis a tapaíodh chun an creideamh domhanda i gcré na
cothromaíochta agus an fhrithchiníochais a athnuachan agus a
threisiú. Ó fágadh ceartlár trádála an domhain ina shraith ar
lár ar an 11ú Meán Fómhair, ámh, tá tábhacht úr leis an
dúshlán nuafhógartha atá roimh cheannairí stáit. Is mithid
dóibh beart a dhéanamh a bhéarfaidh bua ar a mbriathar!
(Beidh an Ráiteas Domhanda
agus an Clár Oibre ar fáil gan mhoill ag:
http://www.unhchr.ch)
Tarlach Mac
Congáil
|